Méadú 47% go €61M tagtha ar Bhrabús daa de bharr Ioncam Láidir Tráchtála agus Lí­on Méadaithe Paisinéirí­

May 18, 2016

Tháinig méadú 47% ar bhrabús daa, oibreoir aerfort, an bhliain seo caite, agus é ag méadú go €61 milliún. Bhí­ méadú 30% ann ar ioncam tráchtála óna ghnóthais intí­re agus idirnáisiúnta agus bhí­ méadú 14% ann ar an lí­on foriomlán paisinéirí­ ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí­.

Mhéadaigh láimhdeachas daa faoi 21% go €680 milliún, agus an méadú sin á bhrú chun cinn ag an lí­on paisinéirí­ ab airde riamh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag fás láidir in ioncam tráchtála agus miondí­ola in Éirinn agus i measc ghnóthais eachtracha an Ghrúpa araon. Ba faoi 14% go €206 milliún a mhéadaigh tuilleamh roimh úis, cánacha, dí­mheas agus amúchadh (EBITDA).

“Bliain láidir do daa a bhí­ sa bhliain 2015. Taifeadadh an lí­on paisinéirí­ ab airde riamh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, d’fhill Aerfort Chorcaí­ ar fhás tráchta sa cheathrú ráithe den bhliain, agus bhain ARI, ár ngnó miondí­ola aerfoirt, feidhmí­ocht den scoth amach sa bhliain,” a dúirt Kevin Toland, Prí­omhfheidhmeannach ar daa.

Mhéadaigh an lí­on iomlán paisinéirí­ ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí­ faoi 14% anuraidh go 27.1 milliún duine. Ba é sin an lí­on ab airde riamh. D’éirigh go geal le hAerfort Bhaile Átha Cliath sa bhliain, agus an lí­on paisinéirí­ ag méadú faoi 15% go 25 milliún duine lena linn. Laghdaigh an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Chorcaí­ faoi 3% go 2.1 milliún duine anuraidh. Mar sin féin, d’fhill an tAerfort ar fhás paisinéirí­ sa ráithe dheiridh den bhliain mar gheall ar an dea-thionchar a bhí­ ag na bealaí­ nua a tugadh isteach ann.

Maidir leis an lí­on paisinéirí­, bhain Aerfort Bhaile Átha Cliath curiarracht amach i ngach mórearnáil dá ghnó anuraidh. Freastalaí­odh ar 3.3 milliún paisinéir eile, cuireadh 23 bhealach nua ar fáil, agus cuireadh le 40 seirbhí­s a bhí­ ann cheana féin. “Spreagthaí­ lárnach maidir le trádáil agus le turasóireacht in Éirinn is ea Aerfort Bhaile Átha Cliath agus is dóigh go raibh tairbhí­ an tráchta bhreise sin le brath ar fud an gheilleagair ar fad,” de réir an Uas. Toland.

Tá méadú láidir tagtha ar an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí­ sa chéad cheithre mhí­ den bhliain seo freisin. Mhéadaigh an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi 15% go 7.8 milliún duine, beagnach, sna ceithre mhí­ suas go deireadh mhí­ Aibreáin. Mhéadaigh an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Chorcaí­ faoi 8% go 592,000 duine le linn na tréimhse céanna. Beidh 13 bhealach nua á dtairiscint ag Aerfort Bhaile Átha Cliath sa samhradh. Ag an am céanna, beidh ocht mbealach nua á dtairiscint ag Aerfort Chorcaí­, an dara haerfort is mó sa Stát.

Mar gheall ar an lí­on paisinéirí­ agus ar an éileamh méadaitheach a bhí­onn ann ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, bí­onn bonneagar rúidbhealaigh reatha an Aerfoirt á fheidhmiú ar a lánacmhainn ag buaicamanna. Dá réir sin, d’fhógair daa le déanaí­ go bhfuil pleananna á gcur ar aghaidh aige le haghaidh rúidbhealach nua ar fiú €320 milliún é a thógáil.

“Cumasóidh an rúidbhealach nua go mór do gheilleagar na hÉireann go ceann i bhfad mar go dtacóidh sé le suas le 31,000 post nua agus le gní­omhaí­ocht gheilleagrach ar fiú €2.2 billiún í­,” a dúirt an tUas. Toland. “Chomh maith leis sin, cumasóidh sé dár gcustaiméirí­ aerlí­ne reatha fás a bhaint amach agus cabhróidh sé le hAerfort Bhaile Átha Cliath aerlí­nte nua a mhealladh chuig margadh na hÉireann.”

Mhéadaigh láimhdeachas ó ioncam aerloingseoireachta faoi 8% go €257 milliún. Mhéadaigh láimhdeachas ó ghní­omhaí­ochtaí­ tráchtála agus miondí­ola in Éirinn faoi 30% go €423 milliún ag an am céanna.

Mhéadaigh costais oibriúcháin faoi 18% go €333 milliún le linn na bliana. Mar sin féin, tháinig cuid den mhéadú sin as na costais bhunaithe a bhain le gnó nua a oscailt sa Nua-Shéalainn agus as an tionchar bliana iomláine a bhí­ ag ní­ a ceannaí­odh sa Chipir.

Bhí­ méadú 8% ann ar chostais ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí­ mar gur fhruiligh daa tuilleadh ball foirne chun déileáil leis an méadú ar an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. “Agus na costais rí­ofa in aghaidh an phaisinéara, laghdaigh daa a chostais aerfoirt faoi 5% anuraidh agus tá sé mar phrí­omhthosaí­ocht againn go fóill tuilleadh éifeachtúlachtaí­ a bhaint amach ina leith sin,” a dúirt an tUas. Toland.

De réir an Uas. Toland, bhí­ bliain den scoth ag ARI, géag mhiondí­ola daa a oibrí­onn i 10 dtí­r thar lear agus a bhainistí­onn The Loop ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí­. “Mhéadaí­omar go mór ár ndí­olachán miondí­ola in Éirinn, agus é os cionn an mhéadaithe sa lí­on paisinéirí­. D’éirigh go geal le gnó eachtrach ARI freisin.”

Ba faoi 20% go €273 milliún a mhéadaigh an dí­olachán iomlán ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí­ anuraidh, lenar áirí­odh dí­olachán miondí­ola, bia agus di i measc lamháltóirí­. Uasghrádú €8 milliún ar an bprí­omhlimistéar miondí­ola ag Teirminéal 1 Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an lí­on méadaitheach paisinéirí­, chabhraigh siad araon le méadú 28% a bhaint amach sa dí­olachán ag siopaí­ in Éirinn atá á mbainistiú go dí­reach ag ARI. Sháraigh luach an dí­olacháin bhliantúil sna siopaí­ sin €100 milliún den chéad uair riamh. Bhí­ méadú 12% ann anuraidh ar mheánchaiteachas paisinéirí­ ag siopaí­ in Éirinn atá á n-oibriú go dí­reach ag ARI.

Ba faoi 19% go €22 milliún a mhéadaigh an brabús a tháinig as oibrí­ochtaí­ miondí­ola eachtracha agus as infheistí­ochtaí­ eachtracha ARI le linn na bliana. Chomh maith leis sin, bhain formhór na láithreacha de chuid ARI méaduithe dédhigiteacha amach sa dí­olachán sa bhliain 2015 agus bhí­ méadú 19% ann ar láimhdeachas bainistithe iomlán ARI. Ba faoi 3% go 22.5 milliún duine a mhéadaigh an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Dí¼sseldorf, rud a bhfuil leas 20% ag ARI ann.

Bhuaigh ARI conarthaí­ móra nua anuraidh chun asraonta saor ó dhleacht a oibriú ag Aerfort Auckland agus ag Aerfort Abú Daibí­ agus, ní­os luaithe i mbliana, d’éirigh leis a lamháltas a choinneáil ag Aerfort Idirnáisiúnta Muscat in Óman. “A bhuí­ leis an tsárthaithí­ mhiondí­ola a léirigh ARI ag Teirminéal 1 Aerfort Bhaile Átha Cliath, bhí­ sé in ann conarthaí­ tábhachtacha a bhuachan agus a choinneáil,” de réir an Uas. Toland.

Trí­na ghéag idirnáisiúnta, d’éirigh le daa mórchonradh ar fiú na milliúin euro é a bhuachan le déanaí­ freisin chun crí­ochfort intí­re nua a oibriú ag Aerfort Idirnáisiúnta an Rí­ Khalid in Riyadh, an Araib Shádach. Déanfar an crí­ochfort nua, a bheidh in ann freastal ar suas le 12 mhilliún paisinéir in aghaidh na bliana, a oscailt ar bhonn céimnithe i mbliana.