Eisí­onn daa A Thorthaí­ Bliantúla Do 2017

April 25, 2018

 

Beidh an Rúidbhealach Thuaidh nua in Aerfort Bhaile Átha Cliath “ar an rud is tábhachtaí­ a thógfar in Éirinn le blianta anuas”, dar le Dalton Philips, Prí­omhoifigeach Feidhmiúcháin daa.

Dúirt an tUas. Philips, a bhí­ ag labhairt ag eisiúint thorthaí­ bliantúla daa don bhliain 2017, go mbeadh an rúidbhealach nua rí­thábhachtach d’fholláine eacnamaí­och na hÉireann sna blianta móra atá le teacht.

“Beidh an Rúidbhealach Thuaidh ar chosán nua na hÉireann i dtreo an chuid eile den domhan, agus cabhróidh sé leis an tí­r dul in iomaí­ocht ar leibhéal domhanda i dtimpeallacht iar-Bhreatimeachta. Beidh sé mar bhonn agus thaca ag turasóireacht, trádáil agus infheistí­ocht dhí­reach eachtrach na hÉireann le leas na tí­re ar fad.”

Dúirt an tUas. Philips go gceapfadh daa prí­omhchonraitheoir le haghaidh thionscadal an Rúidbhealaigh Thuaidh san fhómhar. Tá sé beartaithe tús a chur leis na hoibreacha sa cheathrú ráithe den bhliain seo. Tá an tógáil le cur i gcrí­ch go luath sa bhliain 2021 agus, ina dhiaidh sin, beidh céim coimisiúnaithe naoi mí­ ann sula n-osclófar an rúidbhealach.

I dteannta na n-oibreacha tógála, leanfaidh daa ar aghaidh ag obair chun oibriú ceadaithe an rúidbhealaigh nua a athrú trí­ fhéachaint le leasú a dhéanamh ar dhá choinní­oll shriantacha a chuirfeadh teorainn le hoibriú an aerfoirt san oí­che agus go luath ar maidin, atá ar an tréimhse is gnóthaí­ sa lá don aerfort. “Is é an toradh a bheadh ar na srianta go gcaillfí­ 14,700 post laistigh de 20 bliain ó oscailt an rúidbhealaigh nua,” dar leis an Uas. Philips.

Is de réir córas bainistí­ochta torainn nua atá beartaithe d’Aerfort Bhaile Átha Cliath a chinnfear aon athruithe ar oibriú ceadaithe an rúidbhealaigh. D’fhógair an Rialtas le déanaí­ go mbeadh Comhairle Contae Fhine Gall ar an Údarás Inniúil don chóras nua sin agus dúirt sé gur ábhar tosaí­ochta é bunú an Údaráis Inniúil.

“Oibreoimid go hiomlán leis an gcóras torainn nua chun argóint an-láidir a dhéanamh a dhéanamh i bhfabhar leasú na srianta reatha agus chun soiléire a chinntiú d’aerlí­nte, do phaisinéirí­ agus do gheallsealbhóirí­ eile”, arsa an tUas. Philips.

Léirí­odh i dtorthaí­ daa don bhliain 2017 go raibh bliain láidir ag an nGrúpa, a oibrí­onn Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort Chorcaí­, ARI, ar gnó miondí­ola taistil domhanda é, agus daa International.

Mhéadaigh an brabús tar éis cánach roimh mhí­reanna eisceachtúla faoi 16% go €125 mhilliún. Ba iad na prí­omhthosca taobh thiar den mhéadú sin ná an lí­on ní­ b’airde paisinéirí­ ag aerfoirt in Éirinn, ioncam méadaithe tráchtála agus fás sna gnóthais thar lear atá ag daa.

Mhéadaigh an lí­on iomlán paisinéirí­ ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aerfort Chorcaí­ faoi 6% go 31.9 milliún duine anuraidh, an lí­on ab airde riamh. Mhéadaigh an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Bhaile Átha Cliath don seachtú bliain i ndiaidh a chéile. Ina theannta sin, mhéadaigh Aerfort Chorcaí­, atá ar an dara tairseach eitlí­ochta is mó sa Stát, a thrácht don dara bliain i ndiaidh a chéile.

Leanann an dá aerfort lena bhfeidhmí­ocht seirbhí­se do chustaiméirí­ a choinneáil, agus í­ a fheabhsú i gcásanna áirithe, cé go mbí­onn siad ag próiseáil lí­on méadaithe paisinéirí­.

Mhéadaigh an láimhdeachas faoi 8% go €855 mhilliún. Bhí­ fás láidir ann i ngní­omhaí­ochtaí­ tráchtála, in ioncam aerloingseoireachta agus i ngnóthais idirnáisiúnta daa. Ba faoi 9.5% go €271 mhilliún don bhliain a mhéadaigh tuilleamh roimh ús, cánachas, dí­mheas agus amúchadh.

Mhéadaigh costas oibriúcháin faoi 7% go €409 milliún mar gur earcaigh daa 200 ball foirne breise ag a aerfoirt in Éirinn chun freastal ar an bhfás leantach sa lí­on paisinéirí­ agus mar gur infheistigh sé i struchtúir nua chun borradh a chur faoin bhfás fadtéarmach ina ghnó miondí­ola taistil.

Laghdaí­odh an glanfhiachas tuilleadh sa bhliain. Tá laghdú 12% tagtha air le cúig bliana anuas, ó €614 mhilliún sa bhliain 2013 go €541 mhilliún. Sa tréimhse chéanna, mhéadaigh toradh daa ar ghnáthscaireanna ó 2.9% go 10.1%.

Tá dí­bhinn is fiú €37.4 milliún le hí­oc ag daa leis an Stát i leith na bliana 2017, rud a fhágfaidh gurb ionann na hí­ocaí­ochtaí­ dí­bhinne iomlána go €85 mhilliún le trí­ bliana anuas.

Mhéadaigh an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi 6% go 29.6 milliún paisinéir anuraidh, an lí­on ab airde riamh. Neartaí­odh é le seoladh 14 sheirbhí­s nua agus leathnú 39 mbealach reatha. Mhéadaigh trácht paisinéirí­ Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi 55% le cúig bliana anuas agus, ón mbliain 2011 i leith, chuir Aerfort Bhaile Átha Cliath 127 seirbhí­s nua agus 26 chustaiméir aerlí­ne nua leis.

Cuireadh feabhas breise ar staid Aerfort Bhaile Átha Cliath mar thairseach chuig Meiriceá Thuaidh sa bhliain, ar lena linn a mhéadaigh an lí­on paisinéirí­ moil faoi 32% go 1.8 milliún paisinéir. Rinne thart ar 27.8 milliún paisinéir a dturas a thosú nó a chrí­ochnú ag Aerfort Bhaile Átha Cliath anuraidh.

D’infheistigh daa €174 mhilliún in Aerfort Bhaile Átha Cliath anuraidh mar gur lean sé ar aghaidh ag uasghrádú a áiseanna do phaisinéirí­ agus a áiseanna aerpháirce chun freastal ar an lí­on méadaitheach paisinéirí­. Tá breithniú á dhéanamh faoi láthair ag an gCoimisiún um Rialáil Eitlí­ochta ar phlean breise infheistí­ochta caipitil is fiú €280 milliún sa bhreis d’Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Tá Máistirphlean d’Aerfort Bhaile Átha Cliath á thabhairt chun crí­che ag daa faoi láthair. Breithní­tear sa Mháistirphlean na forbairtí­ a theastaí­onn chun cur ar chumas an aerfoirt freastal ar 50 milliún paisinéir sa bhliain faoi na 2040í­. Is ar acmhainn Aerfort Bhaile Átha Cliath a mhéadú atá an dí­riú sa mheántéarma trí­ rúidbhealach nua, seastáin bhreise pháirceála aerárthaigh agus limistéir nua gheata bordála a chur leis.

Mhéadaigh an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Chorcaí­ don dara bliain i ndiaidh a chéile. Mhéadaigh an trácht faoi 3.5% go ní­os mó ná 2.3 milliún paisinéir anuraidh. D’fháiltigh Aerfort Chorcaí­ roimh an gcéad seirbhí­s thrasatlantach sceidealaithe riamh dá chuid nuair a thosaigh Norwegian Air a oibrí­ochtaí­ chuig Bostún-Providence. Chomh maith leis sin, chuir sé bealaí­ nua ó SWISS, Aer Lingus Regional agus Volotea leis sa bhliain.

Bhí­ dea-thús ag an dá aerfort i mbliana. Sa chéad ráithe, bhí­ an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Bhaile Átha Cliath 4% ní­os airde agus bhí­ an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Chorcaí­ 2% ní­os airde. Beidh 14 bhealach nua ag Aerfort Bhaile Átha Cliath sa samhradh, lena n-áirí­tear eitiltí­ dí­reacha nua chuig Hong Cong le Cathay Pacific agus chuig Béising le Hainan Airlines. Tá trí­ bhealach nua sa bhreis agus acmhainn bhreise ar 14 sheirbhí­s reatha ag Aerfort Bhaile Átha Cliath i mbliana.

Bhí­ brabús tar éis cánach ab fhiú €24 mhilliún sa bhliain ag an ngéag idirnáisiúnta de ARI, gnó miondí­ola taistil daa. Oibrí­onn ARI asraonta i Meiriceá Thuaidh, i Muir Chairib, san Eoraip, sa Mheánoirthear, san Áise agus san Astraláise. Chomh maith leis sin, sealbhaí­onn sé an leas 20% atá ag daa in Aerfort Dí¼sseldorf.

Le mí­onna beaga anuas, d’oscail ARI siopaí­ nua i gCeanada agus in Óman agus d’athchóirigh sé asraonta i mBairéin agus sa Nua-Shéalainn, cé go mbí­onn an earnáil miondí­ola taistil ag éirí­ ní­os dúshlánaí­ ar fud an domhain. Mhéadaigh an lí­on paisinéirí­ ag Aerfort Dí¼sseldorf faoi 5% go 24.6 milliún paisinéir anuraidh. Leanann an infheistí­ocht sin le dea-thoradh a sholáthar don Ghrúpa.

Maidir le Crí­ochfort 5 ag Aerfort Idirnáisiúnta an Rí­ Khaled i Riyadh, an Araib Shádach, a reáchtálann daa International é, bliain rathúil dó a bhí­ sa bhliain 2017, an chéad bhliain a bhí­ sé i mbun oibre. D’fháiltigh sé roimh 13 mhilliún paisinéir san iomlán.

Chruthaigh daa 260 post nua coibhéise lánaimseartha anuraidh. Áirí­odh leo 200 post ina oibrí­ochtaí­ in Éirinn.

“Cuid dhí­lis den ghnóthas iad ár mbaill foirne agus ní­ éireodh le daa ina n-éagmais,” arsa an tUas. Philips. “Ba mhaith liom buí­ochas a ghabháil le gach duine dí­obh as a dtiomantas don ghnóthas agus as an obair a chuir siad isteach sa bhliain 2017.”

Crí­och

Tuilleadh faisnéise:
Paul O’Kane 353 1 814 1897, 353 86 609 0221

Maidir le daa:
Oibrí­onn daa Group Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Chorcaí­ mar aon le Crí­ochfort 5 ag Aerfort Idirnáisiúnta an Rí­ Khaled i Riyadh, an Araib Shádach. Tá sé ar an úinéir ar ARI, an gnó miondí­ola taistil domhanda, agus ar daa International freisin.
Trí­ na haerfoirt, na conarthaí­ bainistí­ochta aerfoirt, na hasraonta miondí­ola agus na hinfheistí­ochtaí­ aerfoirt de chuid daa, cuireann an Grúpa seirbhí­sí­ ar fáil do ní­os mó ná 135 mhilliún paisinéir gach bliain in 12 thí­r ar fud ceithre mhór-roinn.