Tá daa Thíos Le Costas €160m De Láimhdeachas Caillte Mar Gheall Ar COVID-19

June 5, 2020

• Tá €1m sa lá á chailleadh ag daa
• Tá clár mór laghdaithe costais ar siúl faoi láthair
• Láimhseáladh 31 milliún cileagram de lastas ríthábhachtach i rith na géarchéime in Aerfort Bhaile

Átha Cliath, 215 eitilt san áireamh a thug trealamh cosanta pearsanta/soláthairtí leighis go hÉirinn
Chosain tionchar na paindéime COVID-19 thart ar €160 milliún i láimhdeachas caillte go dtí seo agus meastar go mbeidh caillteanais shuntasacha airgeadais ag an gcuideachta i mbliana.

Tá oibríochtaí ag daa i 16 chontae agus tá tionchar ag an bpaindéim dhomhanda ar a ghnóthaí go léir. Tá an trácht ag aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí tite, le líon na bpaisinéirí tite 99% i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine. Cé gur chur an dá aerfort tús dearfach leis an mbliain i dtéarmaí fás tráchta, ciallaíonn an titim ghéar sa taisteal le míonna beaga anuas go bhfuil laghdú 55% tagtha ar líon foriomlán na bpaisinéirí in 2020 cheana féin agus go dtitfidh sé tuilleadh.

Mhothaigh gnólachtaí thar lear daa an tubaiste in eitlíocht idirnáisiúnta freisin, toisc gur dúnadh gach ceann dá hoibríochtaí miondíola taistil ARI. Cuireadh eitiltí baile san Araib Shádach, áit a bhfeidhmíonn daa idirnáisiúnta críochfort ag an aerfort is mó i Riyadh, ar fionraí go hiomlán i mí an Mhárta agus thosaigh siad arís níos luaithe an tseachtain seo.

Gan mórán paisinéirí agus gan siopadóirí ina asraonta miondíola sna haerfoirt, tá daa ag cailleadh €1 milliún in aghaidh an lae faoi láthair, dar le Príomhfheidhmeannach na cuideachta Dalton Philips. Tá clár an-suntasach laghdaithe costais ar siúl faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar an gceist. Gearradh costais ar fud an ghnó, tá comhaltaí foirne curtha ar sheachtain cheithre lá, agus tá clár laghdaithe i bhfeidhm.

“Is í seo an ghéarchéim is tromchúisí a bhí riamh os comhair na hearnála eitlíochta idirnáisiúnta agus ár ngnó,” a dúirtan tUasal Philips. “Sháraigh ár ngnó agus an earnáil níos leithne go leor aimhréidh cheana, cosúil leis an gcúlú eacnamaíochta is déanaí, tionchar an 11 Meán Fómhair, agus géarchéim ola na 1970idí, agus sáróidh sí tionchar eacnamaíoch COVID-19 sa deireadh chomh maith. Ach is dóigh go dtógfaidh sé tamall toisc go bhfuil an todhchaí gearrthéarmach gruama, agus beidh an tionscal iar-COVID an-difriúil.”

Cé gur mhoilligh trácht paisinéirí, d’fhan aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí ar oscailt i rith na géarchéime de réir bheartas Rialtas na hÉireann. Bhí ról ríthábhachtach ag aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí le linn na paindéime; ag cur ar chumas daoine filleadh abhaile agus eitiltí lastais riachtanacha a éascú.

Ó chuaigh Éire faoi dhianghlas i lár mhí an Mhárta, tá 26 milliún cileagram de lastas tagtha tríd Aerfort Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear beagnach 3.7 milliún kg de threalamh cosanta pearsanta (PPE) agus soláthairtí leighis. Tháinig 1,635 eitilt tiomnaithe lastais tríd an aerfort le linn na tréimhse sin, lena n-áirítear 214 eitilt PPE/soláthairtí leighis ón tSín.

“Mar sheirbhís riachtanach, chabhraigh creatfhoireann ag aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí lena chinntiú go bhféadfadh Éire na soláthairtí leighis ríthábhachtacha a theastaigh uaithi chun cabhrú leis an troid i gcoinne COVID-19 agus lastas ríthábhachtach eile don gheilleagar a fháil,” a dúirt an tUasal Philips.

D’fhéadfadh líon na bpaisinéirí d’aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí a bheith chomh híseal le naoi milliún don bhliain seo, i gcomparáid le 35.5 milliún paisinéir le chéile anuraidh, a deir an tUasal Philips. D’fhéadfadh nach mbeadh ach thart ar 21 milliún paisinéir ann do 2021, rud a léireodh laghdú 40% sa trácht i gcomparáid le 2019.

“Nuair a bhí an leibhéal sin paisinéirí ag aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí an uair dheireanach, bhí idir 750 agus 1,000 níos lú fostaithe acu, mar sin ar an drochuair ní mór dúinn bearta mí-thaitneamhacha a ghlacadh chun ár gcostais a ísliú thar gach réimse den ghnó,” a dúirt an tUasal Philips.

Tá fostaithe daa curtha ar sheachtain cheithre lá agus tá clár ar bun chun an gnó a laghdú trí scaoilíocaíocht dheonach, sosanna gairme agus uaireanta oibre laghdaithe. Tá athruithe ar chleachtais oibre á dtabhairt isteach freisin chun cabhrú leis an ngnó oibriú níos fearr i dtimpeallacht iar-COVID-19 agus chun é a dhéanamh níos éifeachtaí.

Mar gheall ar thionchar eacnamaíoch COVID-19, níor mhol Bord daa díbhinn a íoc do 2019. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an gcaiteachas caipitil go léir agus déanfar athmhachnamh ar scála ama seachadta a bhaineann le huasghráduithe a bhí beartaithe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Leanfar le tionscadail riachtanacha, mar rúidbhealach nua Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an t-uasghrádú chun córais scagtha bagáiste a choinneáil ag aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí – rud atá ina cheanglas rialála. Lorgóidh daa cead pleanála le haghaidh oibreacha amach anseo le linn an chúlaithe eacnamaíochta.

“Ba cheart d’Éirinn a chinntiú nach ndéantar na botúin chéanna a rinneadh san aimsir a caitheadh maidir le príomhphíosaí bonneagair náisiúnta a thógáil,” dar leis an Uasal Philips. “Cuideoidh an Rúidbhealach Thuaidh le téarnamh geilleagrach na hÉireann a threisiú agus ní mór d’oibreoirí aerfoirt pleanáil ar feadh na mblianta atá romhainn chun leasa an gheilleagair náisiúnta seachas díreach déileáil leis na deacrachtaí atá ann faoi láthair. Le linn an chúlaithe eacnamaíochta dheireanaigh, mhaígh roinnt tráchtairí gur cheart dúinn stop a chur le Críochfort 2 a thógáil, nó gur eilifint bhán a bhí ann. An samhradh seo caite, bhí T2 nach mór lán, agus beidh sé lán arís. Tá saol daichead nó 50 bliain ag ár sócmhainní, agus tá codanna áirithe d’Aerfort Bhaile Átha Cliath suas le 80 bliain d’aois.”

Le linn na dianghlasála, bhí daa ag ullmhú chun gnó a atosú de réir a chéile. Rinneadh glanadh domhain ar aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí agus athraíodh na haerfoirt i bhfianaise na riachtanas tar éis COVID-19.

Tiocfaidh athrú mór ar an mbealach a mbeidh an pobal ag idirghníomhú lenár n-aerfoirt agus mar is gnách, tabharfaimid tús áite do shábháilteacht paisinéirí agus gach duine a oibríonn inár n-aerfoirt.
Taispeánann torthaí daa do 2019 gur tháinig méadú 4% go dtí €935 milliún ar láimhdeachas, toisc go raibh fás in ioncam baile an Ghrúpa, arb ionann é agus níos mó ná dhá thrian de ghnó iomlán daa, beagán chun tosaigh ar fhás thar lear.

Tháinig méadú 4% go dtí €302 milliún ar thuilleamh roimh ús, cánachas, dímheas agus amúchadh (EBITDA) do 2019. Mhéadaigh brabús don bhliain roimh earraí eisceachtúla 13% go dtí díreach os cionn €150 milliún.

Mhéadaigh costais oibriúcháin 5% go dtí € 446 milliún i rith na bliana, agus mhéadaigh costais neamhphá níos gasta ná costais a bhaineann le párolla. Laghdaíodh glanfhiachas tuilleadh le linn 2019, ag laghdú 2% (€11 milliún) go dtí €430 milliún.

Mhéadaigh líon iomlán na bpaisinéirí d’aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí 5% go dtí an líon is airde de 35.5 milliún anuraidh. D’fhás líon paisinéirí Aerfort Bhaile Átha Cliath don naoú bliain as a chéile, agus tháinig méadú ar trácht Aerfort Chorcaí, an t-aerfort is mó fáis sa Stát in 2019, don ceathrú bliain as a chéile.

Is cuideachta dhomhanda í daa le gnólachtaí i 16 tír lena n-áirítear Éire, Bairéin, Ceanada, an Chipir, an India, an Liobáin agus an Nua-Shéalainn. Reáchtálann a ghnó aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí in Éirinn, agus Críochfort 5 ag Aerfort Idirnáisiúnta King Khalid (KKIA) i Riyadh, an Araib Shádach. Tá infheistíocht aige freisin in Aerfort Düsseldorf sa Ghearmáin agus in aerfoirt Larnaca agus Paphos sa Chipir. Tá asraonta ag a ghnó miondíola taistil Aer Rianta International (ARI) i 12 tír.

Anuraidh, tháinig beagnach 87 milliún paisinéir trí na haerfoirt agus na críochfoirt a reáchtálann daa nó a bhfuil páirt-úinéireacht acu orthu agus d’úsáid thart ar 150 milliún paisinéir na haerfoirt ina reáchtálann ARI asraonta miondíola taistil.

Tuilleadh faisnéise:

Paul O’Kane, 086 6090221
Siobhán O’Donnell, 087 2710065